An Teach agus na Gairdíní

Léigh faoi Stair an Oileáin Thíos
Teach Bryce, teachín an gharraíodóra i dtús báire, athchóirithe c. 1940. OOP.

Nuair a cheannaigh siad an oileán in 1910, bhí sé i gceist ag muintir Bryce teach mór sa stíl Iodálach a thógáil ann . Bheadh na struchtúir a bhí ar an oileán cheana féin mar chuid de, an Túr Martello seanchaite a tógadh ag tús an naoú haois déag ina measc. Ba ghá na pleananna sin a leasú nuair a tharla an Chéad Chogadh Domhanda agus nuair a bhuail deacrachtaí airgeadais an teaghlach de bharr ró-infheistíochta sa Rúis. Díoladh teach an teaghlaigh i Londain agus an bailiúchán ealaíne agus déantán a bhain leis nuair a bhásaigh John Annan Bryce in 1923.

Bhog a bhaintreach Violet siar go hÉirinn agus chuir fúithi i dteachín beag garraíodóra a tógadh thart ar 1912, ag an am céanna a tógadh na gaiséabónna sa Ghairdín Daingean. Tar éis bhás Violet in 1939, rinne a mac Roland an teach agus na bóithigh a mhéadú agus a athchóiriú. Lean an tógáil sin trí fhormhór an Dara Cogadh Domhanda agus chosain sé níos mó ná £5,000.

Tá cáil ar Gharinis as saibhre na bplandaí ann ó thaobh foirme agus datha de, iad ag athrú de shíor le casadh an tséasúir.

Harold Peto, 1854 - 1933.

Ailtire tírdhreacha agus dearthóir gairdíní ba ea Harold Ainsworth Peto. Eisean a smaoinigh ar ghairdíní sa stíl Iodálach a chruthú ar Gharinis. Tógálaí, innealtóir agus conraitheoir iarnród ba ea a athair agus chaith Harold a óige in Somerleyton Hall in Lowestoft, Suffolk. Chuaigh sé i bpáirt leis an ailtire Ernest George in 1876 agus thosaigh i mbun tithe a dhearadh in Kensington agus Chelsea, chomh maith le tithe móra faoin tuath. Rinneadh Comhalta den Royal Institute of British Architects (RIBA) dó in 1883.

Thaistil sé go forleathan le linn na 1880idí agus 1890idí agus choinnigh sé dialanna dá aistir go dtí an Iodáil, Meiriceá, an Spáinn, an Ghréig, an Éigipt, an Ghearmáin agus an Fhrainc, chomh maith le turas timpeall an domhain inar thug sé cuairt ar an tSeapáin. Chríochnaigh a chomhpháirtíocht le Ernest George sna 1890idí agus in 1899 cheannaigh sé Iford Manor in Wiltshire. Rinne sé an gairdín ansin a athdhearadh agus a shíneadh amach agus bhain sé triail as smaointe nua dá chuid ann, ag baint úsáid as na hearraí a bhailigh sé ar thurais éagsúla mórthimpeall na cruinne.

Tá an-léargas le fáil sa ghairdín in Iford, an gairdín is fearr aithne dá chuid, ar an gcur chuige sa stíl Ealaíon agus Ceardaíochta a chleacht Peto san ailtireacht agus dearadh gairdíní. Ar na gairdíní iomráiteacha eile dá chuid tá Buscot Park, Oxfordshire, West Dean House, Sussex, agus an gairdín oileáin a chruthaigh sé i gcomhpháirt le muintir Bryce i gCo. Chorcaí.

Murdo MacKenzie, 1896 - 1983.

In éineacht le Maggie O’Sullivan, ba é Murdo MacKenzie croílár an oileáin tráth. Mac garraíodóra ó Forres in Albain, throid Murdo leis na Seaforth Highlanders sa Chéad Chogadh Domhanda sular oibrigh sé mar fhoraoiseoir ar Eastát Darnaway tar éis an chogaidh. D’fhostaigh muintir Bryce é in 1928. Bhí na gairdíní imithe i léig faoi na 1920idí agus bhí na stoirmeacha gaoithe tar éis damáiste a dhéanamh do go leor den phlandáil luath, ach d’éirigh le Murdo criosanna fothana, de phéine Albanach agus Monterey den chuid is mó, a bhuanú. Thug sé sin an deis dó tosú ag cur leis an mbailiúchán iontach de bhláthanna tearca agus leochaileacha a bhfuil cáil an oileáin bunaithe anois air. D’fhan Mackenzie i bhfeighil an ghairdín nuair a d’aistrigh seilbh an oileáin ó mhuintir Bryce go dtí Oifig na nOibreacha Poiblí in 1953 agus bhí an cúram sin air go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1971.

Fuair Murdo aitheantas as a shárobair, ceann de mhóréachtaí na gairneoireachta in Éirinn, leis an iliomad duaiseanna agus bonn. Bronnadh bonn óir Chumann Gairneoireachta na hÉireann air in 1966 agus rinneadh Comhalta Oinigh de Chumann Ríoga Gairneoireachta na Ríochta Aontaithe de an bhliain dár gcionn, tráth ar bronnadh Bonn Óir eile air. Rinne Fáilte Éireann a shaothar a chomóradh sna 1980idí nuair a bronnadh róschuach greanta criostail agus lua air mar aitheantas as a 43 bhliain seirbhíse i ngairdín an oileáin. Bronnadh Duais Díchill UDT don turasóireacht air in 1982, dealbh álainn d’fháinleoga airgid. Bhásaigh Murdo, nár phós riamh, agus é in aois 87 mbliana.

An tUachtarán Seán T. Ó Ceallaigh agus é i mbun cuairte sna 1940idí.

Bhí muintir McDonnell i bhfeighil óstán Eccles ar an nGleann Garbh agus is eol dúinn gur fhan roinnt daoine fíorcháiliúla ann i gcaitheamh na mblianta. Tá sé ráite gur ansin a stop George Bernard Shaw in 1923. Bhí sé de nós aige cuairt laethúil a thabhairt ar Gharinis agus is cosúil gur ann a spreagadh é lena dhráma cáiliúil ‘St. Joan’ a scríobh. Nuair a bhí Garinis á fhágáil ar deireadh aige tháinig an Bhantiarna Bryce chomh fada leis an gcé chun slán a fhágáil aige. “Goodbye Shaw,” ar sí, “I hope we meet in Heaven”. D’fhéach sé uirthi agus ar seisean, “Madam, are we not already?”

Tá George Bernard Shaw le feiceáil sa seanchárta poist, é á dheasú féin idir Hóiméar agus Néaró óg sa Ghairdín Domhain (‘An Gairdín Iodálach’) ar Gharinis – nó Oileán an Chuilinn, mar a theastaigh ó Violet Bryce mar ainm ar a cuid féin de pharthas. Is dócha gurbh í iníon mhuintir Bryce, Marjory, a thug oiread spreagadh do Shaw. Ise a ghléas mar Joan d’Arc ar muin capaill ag ceann an mhórshiúil don Women’s Coronation Procession i Londain sa bhliain 1911. Bhí thart ar daichead míle bean ó beagnach tríocha eagraíocht a bhí ar son an vóta a thabhairt do mhná tar éis glacadh le Joan mar shiombail oiriúnach dá n-iarracht bheith istigh a bhaint amach i gcomhairlí na tíre. Bhí athair Marjory, John Annan Bryce, go láidir in aghaidh an vóta a thabhairt do mhná.

Tá go leor daoine cáiliúla tar éis cuairt a thabhairt ar an oileán i gcaitheamh na mblianta. Thug an scríbhneoir agus péintéir George ‘AE’ Russell cuairt sna 1920idí. Tháinig an tUachtarán Seán T. Ó Ceallaigh agus grúpa leis ar cuairt sna 1940idí. D’fhág an scríbhneoir iomráiteach Sasanach Agatha Christie a síniú i leabhar na gcuairteoirí nuair a tháinig sise ar cuairt in 1959.

Léigh a thuilleadh faoin teaghlach a cheannaigh an t-oileán agus a choimisiúnaigh na gairdíní.