An Teaghlach

Scrollaigh Chun Aithne a Chur ar Mhuintir Bryce

Scrollaigh síos an leathanach seo chun beathaisnéisí gearra, mar aon le portráidí, a fheiceáil de roinnt díobh siúd a bhí bainteach le muintir Bryce agus Garinis. B’fhéidir go mbeadh tairbhe i leathanach mhuintir Bryce i Leabhar na nUaisle duit chomh maith. Cliceáil ar phortráid chun é a mhéadú.

James Bryce

1838 – 1922

Ba é an scoláire, teoiricí dlí, staraí agus státaire James Bryce an deartháir níos sine a bhí ag John Annan. Saolaíodh James i mBéal Feirste agus cuireadh oideachas air i nGlaschú agus in Oxford, áit ar ceapadh é ina Ollamh Regius le Dlí Sibhialta níos déanaí. Bhí an-spéis aige sa sléibhteoireacht agus rinne sé taisteal go leor, ag tabhairt faoi aistear tríd an Rúis sna 1870idí. Phós sé Elizabeth Marion Ashton, deirfiúr an Tiarna Ashton, an Chéad Bharún Ashton de Hyde in 1889.

Polaiteoir Liobrálach mór le rá a bhí in James agus toghadh mar Theachta Parlaiminte do thoghlach i Londain é ar dtús in 1880. In 1885 toghadh é in Obar Dheathain Theas san Albain agus choinnigh sé an suíochán sin go dtí 1907. Ceapadh i roinnt aireachtaí tábhachtacha é le linn an ama sin: Fo-Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha (1886), Seansailéir Dhiúcacht Lancaster (1892-4), Uachtarán an Bhoird Trádála (1894-5) agus Príomhrúnaí na hÉireann (1905-7).

In 1907 ceapadh é mar Ambasadóir na Breataine go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, post taidhleoireachta a choinnigh sé go dtí 1913. Tá léiriú le fáil i gcartlann mhuintir Bryce ar an rath a bhí ansin air agus ar na naisc phearsanta a bhí aige le go leor daoine tábhachtacha. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, choimisiúnaigh rialtas na Breataine é le tuairisciú ar ainghníomhartha na nGearmánach sa Bheilg agus ina dhiaidh sin scríobh sé ar Chinedhíothú na hAirméine faoin Impireacht Otamánach. Bhí sé ar an gCúirt Idirnáisiúnta sa Háig chomh maith. Bhronn ollscoileanna ar fud an domhain duaiseanna air agus ainmníodh Bryce Park i gcathair Washington D.C. ina onóir.

Bhí baill den teaghlach ríoga mar chairde ag James agus rinneadh tiarna dó mar Bíocunta Bryce Dechmount in 1914. Bhí iomrá air mar údar agus ní haon iontas go bhfuil a chuid foilseachán le fáil i measc na leabhar agus na n-irisí eile ar ghairneoireacht agus ar chrannadóireacht, ar an ealaín agus an ailtireacht, ar an stair idirnáisiúnta agus an pholaitíocht sa leabharlann mhór i dteach mhuintir Bryce ar Gharinis.

James Bryce, 1838 - 1922.

John Annan Bryce

1841 – 1923

Rugadh John Annan Bryce (1841–1923) i mBéal Feirste agus cuireadh oideachas air i nGlaschú agus in Oxford. Rinne sé a chuid i mbun tráchtála agus riaracháin i mBurma agus san India. Rinne sé turais taiscéalaíochta éagsúla i gceantair iargúlta in Siam (An Téalainn) agus thuairiscigh sé ar ais go dtí an Royal Geographic Society ar na turais sin. Nuair a d’fhill sé ar an Ríocht Aontaithe rinneadh stiúrthóir ar an London and County Bank dó, chomh maith le stiúrthóir ar chomhlachtaí iarnróid agus infheistíochta thar lear.

Phós sé Violet L’Estrange in 1888 agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige leis an mbean spleodrach sin: Roland, Nigel, Margery agus Rosalind. Bhí macalla de thurais John Annan san Oirthear le feiceáil ina dteach maorga i Londain sa bhailiúchán iontach de throscán, saothair ealaíne agus deantáin a bhí curtha le chéile ann. Aithníodh mar cheann de mhórthithe an Pháirtí Liobrálaigh é chomh maith.

Chuaigh John Annan le polaitíocht in 1906 agus toghadh mar Theachta Parlaiminte do Bhuirg Inbhir Nis é, suíochán a choinnigh sé go dtí 1918. Ceapadh ar an gCoimisiún Ríoga ar Róphlódú in Éirinn é le linn an ama sin.

Cuairteoirí rialta go dtí an Gleann Garbh ba ea muintir Bryce sular cheannaigh siad an oileán. Idir 1911 agus 1914, i bpáirt leis an ailtire tírdhreacha Harold Peto, d’éirigh leo lomán creagach neamhthorthúil i mBá an Ghleanna Ghairbh a thiontú go dtí ceann de na gairdíní ba mhó iomrá san Eoraip.

John Annan Bryce, 1841 - 1923.

Violet L’Estrange Bryce

1863 – 1939

Saolaíodh Violet Bryce ar Oileán Mhuirís ach Giúistís Cónaitheach i gCo. an Dúin ba ea a hathair, an Captaen Champagné L’Estrange. Tar éis di John Annan Bryce a phósadh in 1888, thuill sí cáil mar óstach i measc maithe agus móruaisle na linne. Bhí an-chion ag daoine uirthi agus ba ghnách léi cóisirí dinnéir, báil, ceolchoirmeacha carthanachta agus léachtaí a eagrú ina teach i Londain.
Bhí go leor cairde agus gaolta in Éirinn aici agus bhí sí i dtaithí ar an nGleann Garbh óna hóige, óir is iomaí samhradh a thug sí ann lena col ceathracha Constance agus Eva Gore-Booth ó Theach Lios an Daill i gCo. Shligigh. In alt a scríobh sí chun ‘Riviera na hÉireann’ a chur chun cinn san iris ‘Throne and Country’ in 1909, mhaígh sí gur beag áit a raibh an oiread éagsúlachta le fáil inti maidir le tírdhreach agus caitheamh aimsire. Thuig sí go maith na buntáistí a d’fhéadfadh teacht go dtí an ceantar ó na longa cogaidh agus na cúrsóirí go léir a bhí isteach agus amach ó Bhá Bheanntraí freisin.

Ag baint leas as a cuid cairde sa chúirt chun comhairle agus tacaíocht airgeadais a fháil ón rialtas, bhunaigh sí Taispeántas Talmhaíochta agus Tionsclaíochta an Ghleanna Ghairbh, an chéad cheann dá leithéid sa cheantar. Bhí d’aidhm aici spreagadh a thabhairt don gheilleagar áitiúil. Nuair a bhásaigh a fear céile in 1923 bhog sí go dtí a hoileán tearmainn in Éirinn agus mhair sí ansin go deireadh a saoil. Idir an dá linn, agus cúrsaí airgid ag dul in olcas, b’éigean do mhuintir Bryce caitheamh leis na gairdíní leathchríochnaithe mar thogra tráchtála agus osclaíodh iad don phobal ó 1925 ar aghaidh.

Violet L'Estrange Bryce, 1863 - 1939.

Roland L’Estrange Bryce

1899 – 1953

Ba é Roland L’Estrange Bryce an mac ba shine le John Annan agus Violet Bryce. Fuair sé a chuid oideachais in Eton agus Oxford agus thug sé a shaol oibre in Oifig Gnóthaí Eachtracha na Breataine. D’oibrigh sé sna hIndiacha Thiar, sa tSeirbia agus san Ostair sular tháinig sé ar ais go dtí an oileán chun cabhrú le Violet, a bhí ina baintreach ag an bpointe sin, é a bhainistiú agus a chothabháil. Bhí ‘neamh ar thalamh’ cruthaithe ag a thuismitheoirí agus thit sé ar Roland é a fhorbairt. D’fhostaigh sé garraíodóir Albanach, Murdo Mackenzie, chun na gairdíní a choimeád agus a fheabhsú tar éis dóibh oscailt don phobal in 1925.

Bhí spéis ag Roland san ealaín, dála a thuismitheoirí, agus chuir sé roinnt saothar ealaíne le bailiúchán Gharinis. Bhí aithne aige ar go leor ealaíontóirí agus lucht liteartha chomh maith, Dubhghlás de hÍde (1860-1949) an chéad Uachtarán ar Éirinn, ina measc. Go luath tar éis a bunaíodh an oifig sin faoi bhunreacht 1937, thosaigh Roland plé neamhfhoirmeálta agus é i gceist aige a oileán a bhronnadh ar an stát. Bhí drogall ar an rialtas glacadh le féirín dá leithéid, iad den tuairim go raibh ‘gach seans gur eilifint bhán, de shaghas, é’.

Ghlac an rialtas leis an tiomnacht ar deireadh, áfach, tar éis a bhásaigh Roland in 1953 agus cuireadh an t-oileán faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí as sin amach. Tá mar shlat tomhais i mbainistiú an oileáin ó shin go gcloífí leis na mianta a leag Roland amach ina uacht, go háirithe an choinníol go gcoinneofaí slán an teach agus a bhí taobh istigh dó.

Roland L’Estrange Bryce, 1899 - 1953.

Margaret O’Sullivan

1908 – 1999

Tháinig Margaret nó Maggie O’Sullivan chun cónaithe ar an oileán sna 1920idí agus d’oibrigh sí do Violet agus Roland Bryce as sin amach. I bpáirt leis an bpríomhgharraíodóir Murdo MacKenzie, thug sí a saol agus a dúthracht le hoidhreacht mhuintir Bryce agus an oileán agus ba ise an duine deireanach a chónaigh go buan ar Gharinis. Ina ról mar an t-óstach cónaitheach i dteach Bryce ó 1953, d’fhear sí fáilte roimh uachtaráin agus banphrionsaí ó gach aird den domhan.

Margaret O'Sullivan, 1908 - 1999.

Léigh a thuilleadh faoi na plandaí andúchasacha agus neamhghnácha a fhásann ar Gharinis.