Dealbhóireacht

Scrollaigh síos chun an Bailiúchán seo de Dhéantáin Chlasaiceacha a Bhrabhsáil

Rogha Ilchineálach

Tá roinnt déantán clasaiceach le fáil i mbailiúchán Bryce a raibh sé i gceist iad a bheith le feiceáil i dteach mór galánta, rud nár tharla riamh toisc meathlú an teaghlaigh le linn an Chéad Chogadh Domhanda.

Ar an iliomad seod dealbhóireachta sa bhailiúchán bhí sarcafagas suntasach marmair; fríos fada marmair le móitíf de scrolla Vitruviach, maisiú duilleach ar aghaidh amháin agus a bhfuil fágtha d’inscríbhinn Kufach ar an aghaidh eile; plaic bhalla mharmair Veinéiseach, ar a bhfuil leon eiteach agus inscríbhinn Laidine greanta, a deir ‘Pax tibi Marce, evangelista meus’ (Síocháin ort, a Mharc, mo shoiscéalaí).

Cuireadh cuid de na dealbha amach sna gairdíní, taobh leis an ailtireacht ornáideach. Úsáideadh a thuilleadh acu mar thinteáin agus mar chruinneáin taobh istigh de theachín an gharraíodóra ina raibh cónaí ar mhuintir Bryce ó na 1920idí ar aghaidh.

Cos uachtar de chros le hiolar agus leabhar i ngreim aige. Marmar, c. 10ú -12ú haois.

Cos uachtar de chros le hiolar agus leabhar i ngreim aige. Marmar, c. 10ú -12ú haois.

Snoiteán i rilíf ard de Naomh Marc mar leon eiteach. Marmar.

Snoiteán i rilíf ard de Naomh Marc mar leon eiteach. Marmar.

Cuid de chruinneán le ceann féasógach fir. Trabhairtín i rilíf ard, c. 16ú haois.

Cuid de chruinneán le ceann féasógach fir. Trabhairtín i rilíf ard, c. 16ú haois.

Iolar armais, c. 16ú – 17ú haois.

Iolar armais, c. 16ú – 17ú haois.

Cóip an dealbh seo san fhuarán sa Ghairdín Iodálach de ‘Mhearcair i mBun Eitilte’ le Gianbologna. OOP.

Cóip an dealbh seo san fhuarán sa Ghairdín Iodálach de ‘Mhearcair i mBun Eitilte’ le Gianbologna. OOP.

Cuid den inscríbhinn Kufach, scrolla Vitruviach. Marmar, c. 8ú – 12ú haois.

Cuid den inscríbhinn Kufach, scrolla Vitruviach. Marmar, c. 8ú – 12ú haois.

Leon.

Leon.