Pleanáil do Chuairt

Scrollaigh Chun Roghanna Maidir le Cuairteanna agus Cur in Áirithe a Fheiceáil.

Uaireanta Oscailte

Oscailte ó 1 Aibreán – 31 Deireadh Fómhair (san áireamh).

AIBREÁN, BEALTAINE, MEITHEAMH
Gach lá 10:00 – 17:30

IÚIL, LÚNASA
Luan – Aoine 09:30 – 17:30
Satharn 09:30 – 18:00
Domhnach 09:30 – 17:30

MEÁN FÓMHAIR
Gach lá 10:00 – 17:30

DEIREADH FÓMHAIR
Gach lá 10:00 – 16:30

Tagann an bád deireanach i dtír uair an chloig roimh am dúnta, ach d’fhéadfadh an taoide tionchar a imirt uaireanta.

Suíomh

Tá Garinis 1.5km amach ón nGleann Garbh i mBá Bheanntraí, Co. Chorcaí.

Áiseanna

Tá siopa caife ina bhfuil sólaistí ar díol le fáil ag an gcé. Tá áiseanna leithris in aice láimhe, ceann dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu san áireamh.

Tá coda den oileán ina bhfuil céimeanna rite agus ní féidir gabháil tharstu ar chathaoir rothaí. Tá ardaitheoir taobh istigh de Theach Bryce.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach nglacfar le cártaí creidmheasa ar an oileán.

Garinis

Iompar

Báid farantóireachta bheaga agus busanna uisce ceadúnaithe seasca suíochán amháin a thugann cuairteoirí go dtí an oileán. Tabhair faoi deara go ngearrann lucht na mbád táille sa bhreis as an aistear isteach agus amach ón oileán. Níl baint ag comhlachtaí farantóireachta ar leith le hOifig na nOibreacha Poiblí agus ní thacaíonn sí le haon cheann acu thar a chéile.

Téann na báid farantóireachta isteach go dtí an oileán le linn an tséasúir. Aistear deich nóiméad nó ceathrú uaire atá i gceist. Faigh amchláir agus sonraí teagmhála suas chun dáta ag na naisc a leanas: Harbour Queen Ferry, Blue Pool Ferry.

Tá amanna na mbusanna go dtí an Gleann Garbh le fáil ar shuíomh idirlín Bus Éireann. Tá páirceáil saor in aisce le fáil sa Ghleann Garbh.

Turais Threoraithe

Tá leabhrán ar fáil a threoróidh tú trí na gairdíní, agus tá painéil eolais agus comharthaí ar fud an oileáin. Ar thuras treoraithe amháin is féidir cuairt a thabhairt ar Theach Bryce.

Faigh amach a thuilleadh ...

… faoin Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna.

Cuairt

Dhá uair an chloig ar an meán a mhaireann cuairt ar an oileán.

Grianghraif / Fístéipeanna

Tá gá le ceadúnas le haghaidh grianghrafadóireacht tráchtála ar an oileán: bí i dteagmháil linn maidir le cead a fháil.
Níl cead grianghraif ná físeáin a ghlacadh i dTeach Bryce.

Táillí isteach

Is gá táille iontrála a íoc nuair a shroichtear an oileán. Tá cead isteach go Teach Bryce san áireamh.

Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir €4.00
Páiste/Mac Léinn €3.00
Teaghlach €13.00

Tá cead isteach saor in aisce acu siúd le Cárta Oidhreachta.
Gearrann lucht na mbád táille sa bhreis.

Sa Cheantar Freisin

Páirc Bhambú an Ghleanna Ghairbh

Fad: 600m

Gairdín eisceachtúil agus coimhthíoch atá anseo, ina bhfuil tríocha speiceas ar leith de bhambú le feiceáil, mar aon le plandaí trópaiceacha eile.

Slí Bhéarra

Fad: 700m

Bunaithe ar an máirseáil iomráiteach a rinne Ó Súilleabháin Béarra in 1603, bealach fada siúlóide timpeall ar an leithinis atá i Slí Bhéarra. Tá an iliomad láithreacha stairiúla agus seandálaíochta le feiceáil cois na slí.

Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh

Fad: 850m

Is álainn an radharc don chuairteoir an Anaclann Dúlra i gCoillte an Ghleanna Ghairbh. Tá na coillte suite i lúb an ghleanna a osclaíonn amach ar Chuan an Ghleanna Ghairbh.

The Ewe Experience

Fad: 5.3km.

Meascán ar leith den nádúr agus den ealaín atá san “Ewe”. Is ann atá an t-aon ghairdín dealbhóireachta idirghníomhach agus léirmhínitheach in Éirinn.

Is féidir léamh faoi stair an oileáin sula dtagann tú ar cuairt.